2017-03-15

I dTír na bhFéileacán

Bhíos tráth den bharúil aisteach
go raibh tír na bhféileacán sroiste agam
is go raibh féileacán sa tóir orm.

Stopas
agus stop sise leis,
d’fhéachas im’ dhiaidh
is d’fhéach sise leis ina diaidh
agus nuair a chuas sa tóir uirthi
chuaigh sise leis sa tóir uirthi féin

Go deimhin, mo dhála féin
bhí sise leis den bharúil aisteach
go raibh tír na bhféileacán sroiste aici
is duine éigin ina diaidh


Kunwar Narain