2017-07-09

An Corpán

Tá corp duine éigin ina luí ar an tsráid gan chorraí
timpeallaithe ag daoine.
Cuid acu siúlann thairis, sin uile,
cuid eile nach bhfuil in ann an radharc a sheasamh;
duine eile ar tí stad, duine eile fós ina thost,
duine eile agus dúnann a shúile go docht.

Gabhann duine thairis agus mantraí á n-aithris aige;
cé dó a phioc an páiste seo bláthanna?
Cé a gháir anseo,
cé a shín amach a lámha
chun stop a chur leis an am,
agus ar cailleadh a liúnna
ar an tsráid thréigthe.

Fuadar an tsolais in aghaidh an tsrutha
agus cailleadh duine ar an slí; a liacht sin
brionglóid meilte ina luaithreach.
Osnaíonn duine éigin go trom.
Déanann duine an bheatha a thomhas
le coinneal lasta,
agus duine eile ag déanamh a bhealaigh
sa leathsholas.

Tá na daoine go léir bailithe leo;
an tsráid folamh; gáire múchta
sa spás gan teorainn.
Luíonn an corpán i gcónaí i lár na sráide,
agus mise i mo chodladh go sámh ar oileáinín uaigneach.

J. P. Das