2017-07-23

Iris Darb Ainm Sargasso

Tá ábhar i mBéarla, Fraincis agus Gearmáinis sa chéad eagrán den iris Sargasso, prós, filíocht, grianghraif agus léaráidí. Ní rabhas ag súil le stápla ach sea, tá Sargasso stápláilte. 


San eagarfhocal spreagúil deirtear go bhfuil ‘spiorad an duine á nimhiú ag an eagla, ag an mbaois agus ag an tsaint’.

Bheadh ar dhuine ar bith – nach bhfuil cónaí air i  bpluais – teacht leis an anailís sin agus fiú má tá corrdhuine thall is abhus agus cónaí orthu i bpluais, an slán dóibh? Tá ailse aigne á leathadh ar fud na bhfud, dar le Sargasso.

Ní haon áibhéil a rá mar sin go bhfuil míshásamh ar eagarthóirí na hirise seo agus ar léitheoirí Sargasso trí chéile, glacaim leis. Má tá tusa breá sásta leis an saol, ní duitse Sargasso.

An bhfuil leigheas acu ar an ailse aigne seo? Tá, gan amhras! Tá siad chun seasamh suas. Tá siad chun troid i gcoinne mheath seo na sibhialtachta agus phríosúnacht an anama. Is foghlaithe mara tarchéimnitheacha iad, a fhógraítear san eagarfhocal, agus is trí smaointe beannaithe a mhalartú a chuirfear an résistance seo i gcrích. Smaointe beannaithe, sea. Féach air sin!

Ní dóigh liom féin go gcreideann mórán daoine in Éirinn go bhfuil na healaíona in ann rud ar bith a athrú ach fógraíonn na Saragassóirí go bhfuil cumhacht ag an bhfocal, ag an íomhá, ag an bhfilíocht agus feidhmeoidh an iris acu ina peinicillin a mharóidh víreas na sainte.

An éireoidh leo? Cur chuige traschultúrtha idirnáisiúnta atá acu, rud atá le moladh. Duine de na heagarthóirí, M.A. Littler, tá seisean bainteach leis an gcomhlacht scannánaíochta Slowboat Films a bheidh ag scannánú in Éirinn amach anseo:

Cé hiad na daoine seo mar sin? An ainrialaithe iad?  Ar shlí is ea, is dócha, agus ní locht ar bith é sin orthu ach a mhalairt. Le hanord tagann deis chun athruithe a dhéanamh, athruithe a shamhlú. Ord éigin a shamhlú nach ord é atá ag teacht anuas chugainn mar orduithe ach an t-ord sin a shamhlaímid sa chroí nach bhfuil ailse air.

Braithim go bhfuil an art brut mar fhoinse inspioráide acu, is é sin le rá na healaíona sin atá ar an imeall, lasmuigh de na paraiméadair oifigiúla.
 
Domhan atá Díolta an teideal atá ar dhán le M.A. Littler, a fheictear anseo ar dheis i dteannta a chomheagarthóra D.H. Ottn.



Domhan atá Díolta
Olagón na gaoithe
   Pus ar an lucht linseála
I ndomhan atá díolta

   Níl faic le cailliúint
Mura bhfuil faic le buachan
   I ndomhan atá díolta

Socraíonn seanóirí
   Cá n-éagfaidh na fir óga
I ndomhan atá díolta


    Snaga breaca is daoine
Meallta ag nithe lonracha
    I ndomhan atá díolta

    Coróin spíona
Agus spéir chraorag
    I ndomhan atá díolta

        Corrán gealaí
Agus miodóg
   I ndomhan atá díolta


   Réalta Dháiví
    Agus siúl tuisleach meisceora
I ndomhan atá díolta

      Cá bhfuil an phictiúrlann?
Cé atá mar uiséir?
    Cé a phuinseálann an ticéad?

      Is eol dúinn an teideal:
“Domhan atá díolta”