2017-09-15

Hé, Sarika, hé


Hé, Sarika, hé


Hé, Sarika, hé
Tabhair dom braoinín uisce
Hé, Sarika, hé!
Táim cosnochta
Ní bhfaighidh mé uisce duitse
D’éireodh mo chosa an-fhuar

Hé, Sarika, hé
Gleoite is ana –álainn
Hé, Sarika, hé
Fionn is lán de gháire
Cad ba mhaith leat ’fháil:

bróg’ ó Unkapán*
slipéir ó Chibali*


Níl faic in aon chor uaim
Ná faigh dom aon ní
Tá agam athair
Ceannaí mór na háite
Is ceannóidh seisean dom

bróg’ ó Unkapán
slipéir ó Chibali

Hé, Sarika, hé
Ard agus ana-álainn
Hé, Sarika, hé
Gleoite is lán de gháire
Tógfaidh mise thú
I do chéile agamsa

Mar chéile agamsa
Mar chéile agamsa

Ní theastaíonn tusa uaim
Nílimse le fáil
Tá deartháir agam
É ag treabhadh na farra’ge
Agus tabharfaidh sé
Céile leis abhaile.



*áiteanna in Iostanbúl




Bre Sarika, bre
Trayme un poco d’água
Sto deskalsa
Ay rosio’n basho
Me se hiela el pie

Bre sarika, bre
Linda i hermosika
Bre sarika, bre
Blonda y savrosika
Yo te vo merkar

Sapatos d’Unkapán
Chizmés de Chibali

No me prime a mi
Ke me merkes tú
Tengo un padre
Merkader muy grande
Y el me va merkar

Sapatos d’Unkapán
Chizmés de Chibali

Bre sarika, bre
Alta y hermosika
Bre sarika, bre
Linda i savrosika
Yo te va tomar
Por novia para mí

Novia para mí
Novia para mí

No me prime a mi
Ke me tomes tú
Tengo hermano
En la mar soldado
Y el me va traer
Novio para mí