2018-02-02

Therigatha

Saor atáim

Saor atáim, saor go brách,
ó thrí rudaí suaracha -
ón moirtéal, ón tuairgnín is óm' thiarna cam,
saortha ón athbhreith is ón mbás atáim,
is an uile ní a bhí mar bhac orm
scuabtha chun siúil.

Mutta

Nach saor atáim

Bean atá saortha go deimhin! Gan chuing atáim,
nach iontach, saor ó bhrácáil na cistine.
Saor ó ghreim crua an ocrais
is ó photaí cócaireachta folmha.
Saor leis ón bhfear neamhscrupallach úd,
fíodóir na bparasól.
Suaimhneach atáim, sámh ionam féin:
scriosadh drúis, scriosadh fuath.
Seo mé faoi dhein scáth na gcrann
chun tuiscint a fháil ar an séan.

Sumangalamata

Maidir le Therigatha, féach an t-alt seo.