2018-05-12

FÓNTACHT NA FILÍOCHTA

Leabhar dátheangach (Fraincis-Béarla) é If the Symptoms Persist, dánta le Francis Combes aistrithe go Béarla ag Alan Dent agus foilsithe ag Smokestack Books: www.smokestack-books.co.uk.

Creideann Combes san fhilíocht, filíocht de shaghas áirithe, une poésie d’utilité publique. Is réabhlóideach an dearcadh é sin ar go leor slite. File réabhlóideach é Combes. Grianghraf de bhacach sráide a mhaisíonn clúdach an leabhair, fógra ag an mbacach á rá go bhfuil ocras air.

Cén fáth a bhfuil ocras air? Tá ocras agus tart ar Combes leis, ní gnáth-ocras é ach an cíocras sin a luann Mata (5.6), "Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad". Cén fáth a bhfuil ocras ar an mbacach? Cuimhním ar Dom Hélder Câmara a dúirt: “Nuair a thugaim bia do na bochtáin tugtar naomh orm. Nuair a deirim, ‘Cén fáth a bhfuil siad bocht?’ tugtar Cumannaí orm.”

Chláraigh Combes ina bhall d’Ógra na gCumannaithe sa bhliain 1968. Bhí sé óg go maith ag an am (rugadh é sa bhliain 1953). Tá a rian sin air, é dúthrachtach agus dílis i gcónaí dá fhís fhileata agus shóisialta araon.

Ní teagascóir tur é. Pléisiúr le roinnt é, dar leis, ról nó feidhm an dáin, faoi mar a roinnfeá bia agus deoch le do chairde – nó le bacach sráide:

Utilité de la poésie

Un jeune mendiant croisé dans le métro,
sur un bout de carton accroché à son cou
avait écrit ces mots:

“Comme la forêt en feu 
crie vers l’eau de la rivière
je m’adresse à vous:
Donnez-moi SVP
Quelque chose à manger.”

Et, semble-t-il,
des gens donnaient.
(Ce qui tendrait à démontrer
l’utilité dans nos sociétés
de la poésie)
 

Fóntacht na Filíochta

Bacach óg ar bhuaileas leis sa Mheitreo
bhí na focail seo scríofa ar phíosa cairtpháipéir aige
agus é crochta timpeall a mhuiníl:

“Mar a ghlaonn an fhoraois trí thine
ar uiscí na habhann
achainím oraibh:
Tugaigí greim le hithe dom
más é bhur dtoil é!

Agus táthar ag déanamh rud air
is cosúil.
(Rud a chuireann fóntas na filíochta
sa tsochaí in iúl dúinn
ba dhóigh leat).